Áirdí Cuain

Dá mbéinnse féin in Áirdí Cuain
In aice'n tsléibh' úd 'tá 'bhfad uaim
Ba annamh liom gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh

(Curfá:)
Agus óch, óch, Éire 'lig is ó
Éire lionndubh is ó
Sé mo chroí tá trom agus brónach

Is iomaí Nollaig 'bhí mé féin
I mBun Abhainn Doinne's mé gan cheill
Ag iomáint ar an tráigh bhán
IS mo chamán bán i mo dhorn liom

Nach tuirseach mise anseo liom féin
Nach n-áirím guth coiligh, londubh nó traon'
Gealbhán, smaolach, naoscach féin
IS cha n-aithním féin an Domhnach

Nach é seo an choraíocht 'tá buan
Ar an tsaol go gcuirfeadh sé cluain
Mheallfadh sé an chaora ón uan
Agus mheall sé uamise an Óige

Dá mbeadh agam coite is rámh
Nó go n-iomróinn ar a' tsnámh
Is mé ag dúil as DIa go sroichfinn slán
Is go bhfaighinnse bás in Eirinn